1 Chronicles 10:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuáir do fhaghbhadar é, do ghlacadar a cheann, agus a arm, agus do chuireadar teachda go crích na Bhphilistineach fá ccúairt, do thabhairt scéul dá niodhaluibh, agus do na daóinibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lomadar é agus rugadar a cheann agus a éide chatha leo agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n-íola agus dá bpobal.