1 Chronicles 12:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh Dáibhi amach na ccoinne, agus do fhreagair agus a dubhairt sé riú, Ma thangabhair chugamsa go síothchánta do chongnamh liom, biáidh mo chroidhe snaodhmtha ribh: achd más dom bhrath dom namhuid thangabhair, ó nach bhfuil éagcoír ar bith am lámhuibhsi, go bhféuchuidh Día ar naithreadh airsin, agus go spreaguidh sé é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
18 Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: «Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d' fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.»