1 Chronicles 14:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a núair do chúaladar na Philistinigh gur hungadh Dáibhi na rígh ós chionn Israel uile, do chúadar na Philistinigh uile súas diarruidh Dháibhi. Agus do chúaluidh Dáibhi sin, agus do chuáidh sé amach na naghaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne.