1 Chronicles 19:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Marsin do fhostóigheadar dó air thríochad míle carbad, agus righ Maachah gun a mhuinntir; noch tháinic agus do shuigheadar a slúagh as coinne Mhedeba. Agus do chruinnigheadar clann Ammon íad feín a bhfochair a chéile ó na ccaithreachaibh, agus thangadar chum catha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.