1 Chronicles 21:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuir Día aingeal go Hierusalem da sgrios: agus mar bhí sé agá lérscrios, do chonnairc an TIGHEARNA, agus dob aithreach leis an tolc, agus a dubhairt ris an aingeal do bhí ag milleadh, Is lór sin, connuimh a nois do lámh. Agus do sheas aingeal an TIGHEARNA ag urlár bhúailte Ornan an Iebusíteach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir an Tiarna an t-aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d' fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: «Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!» Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.