1 Chronicles 26:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thuit an crannchar leath shoir air Shelemiah. Annsin do theilgeadar crainn ar son a mhic Sechariah, (comhairleach glic;) agus tháinic a chrann amach air an ttáobh thuáigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thit an crann don gheata thoir ar Shilimiá; ba chomhairleoir críonna é a mhac Zacairiá: nuair a cuireadh ar cranna é, thit an crann don taobh thuaidh airsean.