1 Chronicles 28:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chruinnigh Dáibhi go Hierusalem prionnsadha Israel uile, prionnsadha na ttreabh, agus caiptínigh na ccuideachd do níodh miniostralachd don rígh ré sealuigheachd, agus caiptínigh ós cionn na mílteadh, agus caiptínidh ós cionn na ccéad, agus na feadhmannuigh ós cionn máoine agus seilbhe an rígh uile, agus a mhac, maille ris na hoifigeachaibh, agus ris na daóinibh curata, agus na daoíne gaisgeamhla uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.