1 Chronicles 7:28 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus dob íad a sealbha agus a náite comhnuidhe, Bétel gun a bailtibh, agus Naaran don taóibh shoir, agus Geser gun a bailtibh, don táoibh shíar; Sechem mar an gcéadna gun a bailtibh, go nuige Gása agus a bailte.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba iad a dtailte agus a n-áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.