1 Corinthians 1:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do’n dream atá ag dul amugha is ionann briathar na croise agus díth‐céille; acht dúinne atá d’ár slánú is í cumhacht Dé í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar níl i mbriathar na croise ach amaidí ag an dream atá i mbealach a mbasctha, ach againne, a bhíos dár slánú is é cumhacht Dé é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.