1 Corinthians 1:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cá bhfuil an teagnuidhe? cá bhfuil an scriobuighe? cá bhfuil fear tagartha an tsáoghailsi? A né nach dearna Día aimhgliocas do ghliocas an dómhainsi?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cá bhfuil an t‐eagnaidhe? cá bhfuil an scríobhaidhe? cá bhfuil fear iomarbhágha an tsaoghail seo? Nach bhfuil díth‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoghail seo?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cá bhfuil an saoi? Cá bhfuil an scríobhaí? Cá bhfuil an té a bhíos ag díospóireacht san aois seo? Nach bhfuil amaidí déanta ag Dia dʼeagnaíocht an tsaoil?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cá bhfuil an t-eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d' eagna an tsaoil?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cá bhfuil an t-eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh dʼeagna an tsaoil?