1 Corinthians 1:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a neagna Dé ó nár aithin an sáoghal Día tré eagna, bá toil lé Día tré éigcríonnachd na seanmóra an dream chreideas do shlánughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ó thárla, tré eagna Dé, nár aithnigh an saoghal Dia de chionn a eagnaidheachta, ba toil le Dia na daoine chreideas do shlánú tré dhíth‐céille na teachtaireachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar nuair nár lig eagnaíocht Dé don saol eolas Dé a fháil trí eagnaíocht, ba é ba thoil le Dia an dream a chreideas a shlánú trí amaidí ábhar ár seanmóireachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne.