1 Corinthians 1:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do thogh Dia neithe suaracha an tsaoghail, agus na neithe atá fá tharcuisne, agus na neithe féin nach bhfuil ann, do thogh Dia iad chum na neithe atá ann do chur ar neamhnidh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
thogh Dia a bhfuil go suarach agus faoi dhímheas i súile an tsaoil, agus go fiú nach bhfuil ann, leis na nithe atá ann a chur ar neamhní,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní,