1 Corinthians 1:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is tríd‐sean atá sibh i nÍosa Críost, an té do‐rinneadh eagna ó Dhia dhúinn mar fhíréantacht, agus mar naomhthacht, agus mar fhuascailt:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é Dia foinse bhur mbeatha sa Chríost, in Íosa, a bhfuil ár n-eagna agus ár bhfíréantacht agus ár naomhú agus ár slánú déanta ag Dia de;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Eisean a bheir daoibhse a bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.