1 Corinthians 10:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní tháinig aon chathú oraibh nach bhfuil ar chumas an duine a iomchar: acht Dia atá díleas, ní cheadóchaidh sé cathú thar bhur gcumas do chur oraibh; acht do‐bhearfaidh sé slighe éaluighthe i n‐éinfheacht leis an gcathú, chum go bhféadaidh sibh a iomchar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níor rug aon chathú oraibh nach bhfuil coitianta i measc daoine. Is dílis iontaofa Dia, agus ní cheadóidh sé cathú a theacht oraibh nach bhfuil neart agaibh air, agus soláthróidh sé bealach éalaithe le cois an chathaithe, ar mhodh go bhféada sibh a sheasamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-acmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.