1 Corinthians 10:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é rud adeirim, na neithe íodhbaras na Cineadhacha, gur do dheamhnaibh íodhbaras siad iad, agus nach do Dhia é: agus níorbh áil liom go mbéadh cumann agaibh le deamhnaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní hea, is é a thuigim as go mbíonn na págánaigh ag ofráil a mbíonn á n-íobairt acu do dheamhain agus ní do Dhia. Níl aon fhonn orm sibh a fheiceáil ag dul i gcomhar le deamhain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibh-se leis na deamhain sin.