1 Corinthians 10:33 — Compare Translations
4 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do réir már do nímse toil gach áoin sna huile neithibh, agus ní díarraidh eudála dhamh féin, achd do mhorán, chum a slánaighthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
fá mar iarraim‐se sásamh do thabhairt do gach duine ins an uile nidh, gan cuimhneamh ar mo thairbhe féin, acht ar thairbhe farasbáirr na ndaoine, chum go slánóchar iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar a bhímse ar mo dhícheall leis an Ádhamhchlann uile a shásamh le cibé a dhéanaim, gan bheith ag iarraidh buntáiste dom féin, ach buntáiste don chuid is mó de na daoine, ionas go slánófar iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
32 Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.