1 Corinthians 10:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gur ibheadar uile dáoindigh amháin sbioradálta: oír do ibheadar don Charruic sbioradálta do lean íad: agus dob í an Charruic sin Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
águs gur óladar ó’n gCarraig spioradálta do lean iad; agus dob í an Charraig sin Críost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gur ól siad uile an deoch osnádúrtha céanna. Mar dʼól siad ón gCarraig osnádúrtha a bhíodh á leanúint, agus ba é Críost an Charraig úd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus d' ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint agus ba é Críost an charraig sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dʼól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí dá leanúint–agus ba é Críost an charraig sin.