1 Corinthians 10:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin na bíghídhsi bhur luchd iodhaladhruigh, mar do bhí dream acasan; amhail atá sgríobhtha, Do shuigh an pobal síos chum ithe agus ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh chum súgartha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná bidhidh‐sé ’n‐bhur n‐íodhal‐adhrathóiribh, mar bhí cuid aca‐siúd; mar atá scríobhtha, Do shuidh an pobal síos chum bheith ag ithe agus ag ól, agus d’éirigheadar ’n‐a seasamh chum bheith ag súgradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná hadhraigí déithe bréige mar a dʼadhair cuid acu; mar atá scríofa, “Shuigh na daoine fúthu le n-ithe agus le n-ól agus dʼéirigh siad le damhsa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: «Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus d' éirigh siad suas chun spóirt.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus mʼéirigh siad suas chun spóirt.”