1 Corinthians 11:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Measaidh ionnuibh féín: an cubhaidh do mhnáoi gan folach ar a ceann Día do ghuidhe?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht is ó Dhia atá an uile nidh ann. Breathnuighidh eadraibh féin: an cuibhe do mhnaoi guidhe chum Dé gan caille bheith ar a ceann?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugaigí breith in bhur n-intinn féin; an cóir é go mbeadh bean ag guí Dé gan cumhdach ar a ceann?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean a bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici?