1 Corinthians 11:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A né nach bhfuil tighthe aguibh chum íthe agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An amhlaidh nach bhfuil tighthe agaibh chum bheith ag ithe agus ag ól ionnta? nó an amhlaidh atá droch‐mheas agaibh ar eaglais Dé, go náirigheann sibh iad‐san atá gan éinnidh? Créad adéarfas mé libh? an amhlaidh mholfas mé sibh? ní mholaim san gcás so sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cá bhfacthas a leithéid? Nach bhfuil tithe agaibh le bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an beag libh eaglais Dé agus an dtugann sibh dímheas do na daoine nach bhfuil maoin acu? Cad é a bheidh le rá agam faoi sin? An mbeidh mé do bhur moladh? Ní bheidh, ar ndóigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun a bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.