1 Corinthians 11:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhrís sé é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, íthidh: a sé so mo chorpsa, bhrisdear ar bhur sonsa: déunaidh so mar choimhniughadh oramsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus tar a éis dó buidheachas do thabhairt, gur bhris sé é, agus go ndubhairt, Is é seo mo chorp, atá d’á bhriseadh ar bhur son‐sa: déanaidh é seo mar chuimhneamh orm‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gur altaigh sé é, agus gur bhris sé é ansin, agus go ndúirt sé, “Is é seo mo chorp atá ar bhur son. Déanaigí sin i gcuimhne ormsa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: «Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”