1 Corinthians 11:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní bhfuil dá mhionca íosas sibh an taránsa, agus íobhthas sibh an cupánsa, nach bhfoillsigheann sibh bás an Tighearna go teachd dhó?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir a mhinicighe itheas sibh an t‐arán nó ólas sibh an cupán so, is ag foillsiú báis an Tighearna atá sibh, nó go bhfillidh sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar dá mhinicí a itheas sibh an t-arán seo agus a ólas sibh an chailís, fógraíonn sibh bás an Tiarna go dtí go dtiocfaidh sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupán, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.