1 Corinthians 11:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír gidh bé ítheas agus íbheas go neimhiomchubhaidh, íthidh agus íbhidh sé damnughadh dho féin, an tan nach déun sé eidirdhealughadh eidir chorp an Tighearna agus bhíadh eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an té itheas agus ólas, muna bhfeictear dó an corp, is chum breitheamhnais air féin itheas agus ólas sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an té a itheas agus a ólas gan an corp a aithint itheann sé agus ólann sé breithiúnas air féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé.