1 Corinthians 11:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh gach bean agá mbí a ceann nochdaighe ag urnaighe nó ag faidheadóireachd dhi do bhéir sí náire dhá ceann: óir is ionann sin agus a bheith beárrtha dhi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht bean ar bith do‐ghní urnaighe nó fáidheadóireacht gan caille ar a ceann, do‐bheir sí easonóir d’á ceann: mar is ionann sin agus a bheith bearrtha dhi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach gach bean a bhíos ag urnaí nó ag fáidheadóireacht le ceann nach bhfuil cumhdaithe tugann sí easonóir dá ceann féin—is ionann é agus dá mbeadh a ceann bearrtha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.