1 Corinthians 12:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do órduigh Día dream áirighe sa neagluis, ar tús absduil, na dhiáigh sin fáidhe, an treas uáir luchd teaguisg, a rís luchd míorbhuile do dhéunmah, na dhiáigh sin luchd leighis, luchd cobhartha, luchd ríaghalta, agus iomad do ghnéithibh teangthadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do cheap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáidhí, san treas áit lucht teagaisc, lucht déanta míorbhal annsin, buaidh an leighis ’n‐a dhiaidh sin, buaidh na cabhrach, buaidh an riartha, buaidh na dteangthach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is iad atá ceaptha ag Dia san eaglais na haspail sa chéad áit, na fáithe sa dara háit, na teagascóirí sa tríú háit, agus ansin lucht oibrithe míorúiltí, lucht déanta leigheasanna, cúntóirí, riarthóirí, lucht labhartha teangacha ilchineálacha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n-aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)