1 Corinthians 12:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin foillsighim dháoibh, nach abair éinneach labhrus ó Spioruid Dé Iósa do bheith mallaighe: agus nach féidir dáoinneach a rádh gur bé Iósa an Tighearna, achd trés an Sbiorad Náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin do‐bheirim le tuigsin daoibh nach n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluighthe, agus é ag labhairt le Spiorad Dé; agus nach bhféadann aon duine, Is é Íosa an Tighearna, a rádh, acht tríd an Spiorad Naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin is maith liom go dtuigfeadh sibh nach ndeir aon duine “Mo mhallacht é Íosa!” atá ag labhairt faoi anáil Spiorad Dé agus nach féidir le haon duine a rá “Is é an Tiarna é Íosa” ach amháin tríd an Spiorad Naomh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d' aon duine «Mallacht ar Íosa» a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d' aon duine ach oiread «Is é Íosa an Tiarna» a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sin é an fáth a bhfuilim dá thabhairt le fios daoibh nach féidir dʼaon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir dʼaon duine ach a oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.