1 Corinthians 13:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is radharc spéucláire dorcha, atá aguinn a nois; achd a núairsin bíam ar aghaidh a chéile: a nois atá gné aithne agam; achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir chímíd anois mar bhéadh go doiléir i scathán; acht chífimíd éadan a chéile an t‐am sin: anois atá aithne neamh‐chruinn againn, acht aithneochad an t‐am sin fá mar aithnightear mé féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar ní bhíonn againn anois ach amharc ceomhar i scáthán, ach san uair úd amharc-faimid ar ghnúis a chéile. Níl eolas iomlán agam anois; san uair úd beidh tuiscint iomlán agam, mar an tuiscint iomlán a cuireadh orm.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)