1 Corinthians 14:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an tí labhrus a dteanguidh choimhthighe ní ré dáoinibh labhrus sé, achd ré Día: oír ní thuigeann éanduine é; bíodh go labhrann sé ruindíamhradh san sbioruid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an duine labhras i dteangain, ní le daoinibh labhras sé, acht le Dia, mar ní thuigeann aoinneach é: gidh go labhrann sé rúindiamhra san spiorad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an té a labhraíos i dteanga, ní le daoine ach le Dia a labhraíos sé mar ní thuigeann aon duine é, ach bíonn sé ag insint rúndiamhaire agus é sa Spiorad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda.