1 Corinthians 14:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá sgríobhtha sa reachd, Laibhéora mé ris an bpobalsa a dteangthuibh agus a núrlabhra eile; agus mar sin fós ní chluinfid mé, a deir an Tighearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá scríobhtha san dlighe, Le lucht labhartha teangthach eile agus as béalaibh coigríochach is eadh labharfad leis an bpobal so; agus ’n‐a dhiaidh sin ní éistfidh siad liom, adeir an Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá sé scríofa sa dlí, “Is le fir na dteangacha coimhthíocha agus trí bhéil na gcoigríoch a labhróidh mé leis an bpobal seo, agus san am sin féin ní éistfidh siad liom, a deir an Tiarna.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá scríofa sa dlí: «Labhróidh mé leis an bpobal seo,» arsa an Tiarna, «trí bhéal na n-allúrach agus trí bheola na n-eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n-allúrach agus trí bheola na n-eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”