1 Corinthians 14:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin da gcruinnighe a neagluis uile a gceann a cheile ann éin áit, agus go laibhéoruid uile ré teangthuibh choimhthigheacha, agus go dtiucfuid túatadha no dáoine ar dhíth creidimh a sdeach, a né nach aibéoruid síad go bhfuil sibh air buile?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, nuair bhíos an eaglais uile cruinn le chéile, agus go labhrann an uile dhuine i dteangthachaibh, agus go dtagann daoine aineolacha isteach, agus daoine nach gcreideann, nach n‐abróchaidh siad gur ar mire atá sibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin, má thagann an eaglais uile le chéile agus labhraíonn i dteangacha, más rud é go dtagann strainséirí nó daoine díchreidmheacha isteach ann, nach ndéarfaidh siad go bhfuil sibh uile ar buile?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)