1 Corinthians 14:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh dá rabhuid uile ag fáidheadoireachd, agus duine gan chreideamh, nó túata do theachd a sdeach, sbreagthar úatha uile é, agus do níd uile breitheamhnus air:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má’s ag fáidheadóireacht bhíos gach aoinneach, agus go dtagann duine díchreidmheach nó duine aineolach isteach, bíonn sé d’á spreagadh ag cách, bíonn sé fá bhreith cáich; nochtar rúna a chroidhe;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach má bhíonn sibh uile ag fáidheadóireacht, agus má thagann duine díchreid-mheach nó strainséir isteach, bíonn sibh uile á chiontú, bíonn sibh uile ag iarraidh cuntais air,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé á chiontú ag gach duine agus á mheas ag gach duine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé dá chiontú ag gach duine agus dá mheas ag gach duine.