1 Corinthians 14:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Maseadh créd é sin, a dhearbhráithreacha? ar dteachd a gceann a cheile dhíbh, atá salm, atá teagusg, atá teanguidh, atá foillsiughadh, atá míniughadh ag gach duine agaibh. Déuntar na huile neithe chum follamnuighthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Créad é, mar sin, a bhráithre? Ag teacht i gceann a chéile dhaoibh, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gach duine agaibh. Déantar gach uile nidh chum leasa na mbráthar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad é a thiocfas as sin, a bhráithre? Nuair a chruinníos sibh le chéile, níl aon duine agaibh gan iomann, nó ceacht, nó taispeáint, nó teanga, nó míniú a bheith aige. Bíodh gach ní á dhéanamh mar is fearr a rachaidh chun tairbhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)