1 Corinthians 14:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is féidir libh uile fó leith fáidheadóireach do dhéunamh chum foghlama, agus comhfhurtachda dfagháil díbh uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir tig libh uile fáidheadóireacht do dhéanamh ’n‐bhur nduine agus ’n‐bhur nduine, chum go dtugtar teagasc agus spreagadh do gach aoinneach;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar féadann sibh uile bheith ag fáidheadóireacht in bhur nduine agus in bhur nduine, ionas go gcluine an chuideachta uile agus go neartaítear leo;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh.