1 Corinthians 14:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Más dóigh ré héinneach gur fáidh, nó duine sbioradálta é féin, bíodh a fhios aige na neithe sgríobhuimse chuguibh gur ab íad aitheanta an Tighearna íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má mheasann aon duine gur fáidh nó duine spioradálta é, adhmhuigheadh sé, na neithe scríobhaim chugaibh, gur ab iad aitheanta an Tighearna iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Más fáidh feasa nó saoi spioradálta aon duine dar leis féin, ba é a cheart a admháil gur aithne ón Tiarna an méid sin a bhfuil mé á scríobh chugaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá dá scríobh agam.