1 Corinthians 14:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tí labhrus a dteanguidh choimhthighe a sé féin fhollumnuigheas sé; achd an tí do ní faidheadóireachd follamnuighidh sé a neagluis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té labhras i dteangain, spreagann sé é féin; acht an té do‐ghní fáidheadóireacht, spreagann sé an eaglais.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a labhraíos i dteanga déanann sé a leas féin, ach an té a bhíos ag fáidheadóireacht déanann sé leas na heaglaise.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais.