1 Corinthians 14:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bfearr leam go labhradh sibh uile ré teangthuibh, achd bá fonnmhaire leam ná sin sibh do dhéunamh fáidheadóireachda: óir is mó an tí do ní fáidheadoireachd ná an tí labhrus ré teangthuibh, achd muna ccuiridh sé a gcéill íad, chum follamnuighthe dfágháil don neagluis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ba mhaith liom go labharfadh sibh uile i dteangthachaibh, acht dob’ fhearr liom go mór go ndéanfadh sibh fáidheadóireacht: mar is fearr go mór an té do‐ghní fáidheadóireacht ’ná an té labhras i dteangthachaibh, muna mínighidh sé, chum go bhfaighidh an eaglais beannacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois ba mhaith liom sibh uile a labhairt i dteangacha, ach bʼfhearr liom i bhfad go ndéanfadh sibh fáidheadóireacht. Is mó an té a bhíos ag fáidheadóireacht ná an té a bhíos ag labhairt i dteangacha, mura mbíonn duine éigin ann lena mhíniú, ionas go dté sé chun leasa don eaglais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach b' fhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú d' fhonn treisiú leis an eaglais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach bʼfhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú dʼfhonn treisiú leis an eaglais.