1 Corinthians 14:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nois, a dhearbhráithreacha, dá dtigidh mé chugaibh ag labhairt ré teangthuibh, créud é an sochar do dhéunad díbh, muna labhra mé ribh a bhfoillsiughadh, nó a néolas, nó a bhfáidheadóireachd, nó a dteagusg?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, a bhráithre, má thagaim chugaibh ag labhairt i dteangthachaibh, cia an maitheas dhéanfad daoibh, muna mbéidh foillsiú, nó eolas, nó fáidheadóireacht, nó teagasc éigin agam d’á thabhairt?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois, a bhráithre, má thagaim chugaibh agus mé ag labhairt i dteangacha, conas a dhéanfaidh mé bhur leas mura dtugaim liom chugaibh ní éigin mar thaispeáint nó eolas nó tairngreacht nó teagasc?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh?