1 Corinthians 14:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tuilleadh eile fós na neithe gan anam do ní fuáim, mas píob nó cláirseach, muna ndéarna síad eidirdhealughadh ann a ngothuibh, cionnus do géubhthar a fhios créud shinntear ar an bpíob nó ar an gcláirsigh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Na neithe féin atá gan anam, ag déanamh fuama dhóibh, má’s fliúit nó cláirseach iad, muna mbíonn idirdhealú ins na fuamaibh, cionnas aithneochar an port seinntear ar an bhfliúit nó ar an gcláirsigh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má bhíonn go fiú na ngléasanna neamhbheo mar an fhideog nó an chláirseach gan nótaí soiléire a thabhairt uathu, conas is féidir le haon duine a aithint cad é an port a sheinntear?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh dá sheinm orthu?