1 Corinthians 15:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má’s san tsaoghal so amháin atá dóchas as Críost againn, is sinne na daoine is truaighe ar bith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Más le haghaidh bheatha an tsaoil seo amháin a bhíos dóchas as Críost againn, is sinne an díol trua is mó den Ádhamhchlann uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.