1 Corinthians 15:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na máirbh? itheam agus íbheam; óir do ghéubham bás a márach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má’s ar nós daoine do throideas le h‐ainmhidhthibh allta i nEiféis, créad é a thairbhe dhom? Muna n‐aiséirigheann na mairbh, ithimís agus ólaimís óir do‐gheobhaimíd bás i mbáireach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad é an tairbhe dom é má throid mé, mar a déarfadh duine, le beithigh allta san Eiféis? Mura dtógtar na mairbh, “bímis ag ithe is bímid ag ól linn, mar is é an bás amárach a gheobhaimid.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh «bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”