1 Corinthians 15:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní h‐ionann le chéile an uile shaghas feola: acht atá feoil ar leith ag daoinibh, agus feoil ar leith ag ainmhidhthibh, agus feoil ar leith ag éanachaibh, agus feoil ar leith ag an iasc.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar ní mar a chéile iad na feolta uile, mar tá feoil amháin ag daoine, agus feoil eile ag beithigh, agus feoil eile ag éanlaith, agus feoil eile ag éisc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc.