1 Corinthians 15:50 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag so an ní a deirim, a dhearbhráithre, do bhrígh nach féidir ré feóil agus ré fuil óighreachd ríoghachda Dé dfagháil; ná ré truáilleadh bheith na oighre ar neamh thruáilleadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é rud adeirim, a bhráithre, nach bhféadann feoil agus fuil oidhreacht ríoghachta Dé d’fhágháil; agus nach mbíonn an truailleacht ’n‐a h‐oidhre ar an neamhthruailleacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugaim seo le fios daoibh, a bhráithre: ní féidir le fuil agus feoil bheith ina n-oidhre ar ríocht Dé, ná le duine díomuan bheith ina oidhre ar an ní atá buan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d' fhuil agus d' fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir dʼfhuil agus dʼfheoil Ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud so-mhillte an do-mhillteacht a shealbhú.