1 Corinthians 15:54 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair chuirfeas an corp truaillidhe neamhthruailleacht uime, tiocfaidh chum críche an focal atá scríobhtha, Atá an bás sloigthe i mbuaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chuireann an so-chaite an buanadas air féin, agus nuair a chuireann an daonnacht bhásmhar an bheatha shíoraí uirthi féin, is ansin a fhíorófar an nath atá scríofa: “Slogann an bua an bás.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a bheidh an corp so-mhillte seo ina chló do-mhillte, an corp básmhar seo ina chló neamh-bhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa: