1 Corinthians 16:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ná tugadh éanduine neimhchion air: achd tréoruidhe uáibh a siothcháin é, chum teachd chugamsa dhó: óir atá súil agum ris maill ris na dearbhraithribh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar táim‐se dhá déanamh: ná déanadh aoinneach beag‐is‐fiú dhe. Acht cuiridh ar aghaidh ar a aistear é i síothcháin, chum go dtiocfaidh sé chugam; óir atáim ag súil leis i n‐éinfheacht leis na bráithribh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin ná déanadh aon duine a bheag de. Soirbhígí a bhealach dó faoi shíocháin, sa chruth go bhfille sé orm; mar tá mé ag feitheamh leis agus leis na bráithre eile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugam-sa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.