1 Corinthians 16:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé go dithcheallach air teachd chugaibhse maille ris na dearbhráithribh, achd ni raibh a aigneadh ar éanchor ré theachd a nuáirse; gidheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé an iomchubhaidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht i dtaobh an bhráthar Apollos, d’impidheas go dian air teacht chugaibh i n‐éinfheacht leis na bráithribh: agus ní raibh fonn dá laighead air teacht anois; acht tiocfaidh sé nuair bhéas faill aige chuige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
I dtaca lenár mbráthair Apollós, bhí mé ag agairt go dian air cuairt a thabhairt oraibh i gcuideachta na mbráithre eile, ach níorbh é a thoil ar chor ar bith teacht anois. Tiocfaidh sé nuair a bhíos faill aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Maidir lenár mbráthair Apallós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.