1 Corinthians 16:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, (ós aithnidh dhíbh muinntir thighe Steapháin, gurab íad céadthoradh na Hachaía, agus go dtugadar íad féin do dhéanamh miniosdralachd do na náomhuibh.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Impidhim oraibh, a cháirde (atá a fhios agaibh líon tighe Steafáin, gur ab iad céad‐toradh Acháia iad, agus go dtugadar iad féin chum seirbhíse na naomh), go mbéidh sibh umhal d’á leithéidibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois, a bhráithre, is feasach daoibh gurb iad teaghlach Stefános an chéad bharr a baineadh in Acáia, agus gur thug siad iad féin do bheith ag freastal ar na naoimh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí na hAcháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.