1 Corinthians 16:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gan éun chéud lá don tseachdmhuin cuireadh gach áon aguibh air leith leis féin, do réir mar do chuir Día sonas air, ionnus nach mbiáidh tionól ré dhéunamh ar dteachd damhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuireadh gach duine agaibh rud i leathtaoibh i dtaisce san mbaile, do réir a acfuinne, chum nach mbéidh aon bhailiú d’á dhéanamh nuair thiocfad‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar an gcéad lá de gach seachtain, caithfidh gach duine agaibh rud éigin a chur i leataobh agus a chur i dtaisce, de réir an ratha a bhíos air, sa chruth nach mbeidh síntiúis á dtabhairt nuair a thagaim chugaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce a oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.