1 Corinthians 2:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin, ar dteachd damhsa chugaibh, a dhearbhráithreacha, ní ré hóradh-bríathar na re gliocas, tháinic me dfóillsiughadh fíadhnuise Dé dhíbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, nuair thánag chugaibh, ní le h‐árd‐chainnt ná le gliocas thánag, ag fógairt rúindiamaire Dé dhaoibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a tháinig mé chugaibh, a bhráithre, níor tháinig mé chugaibh agus mé ag fógairt fhianaise Dé daoibh i mbriathra arda eagnaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I dtaca liom-sa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt rúndiamhair Dé le hardnós cainte ná eagna.