1 Corinthians 2:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáighe an Spiorad na huile neithe, agus fós, neithe doimhne Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do nocht Dia dhúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduigheann an Spiorad an uile nidh, go fiú neithe doimhne Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
tá an ní sin nochta ag Dia dúinn tríd an Spiorad. Mar scrúdaionn an Spiorad gach aon ní, go dtí doimhneachtaí Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is dúinne a nocht Dia na nithe seo le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.