1 Corinthians 2:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch fhoillsighemid mar an gcéudna, ní a mbríathraibh theaguisgeas an gliocas dáonna, achd a mbríathraibh theaguisgeas an Spiorad Náomh; ag coimhcheangal na neitheann spioradálta ré chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is ar na neithibh sin labhraimíd, ní i mbriathraibh mhúineas eagna dhaonna, acht an méid mhúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neithe spioradálta le neithibh spioradálta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bímid á dháileadh i mbriathra nár theagasc eagnaíocht dhaonna dúinn ach a bhíos á theagasc ag an Spiorad agus bímid ag míniú fírinní spioradálta do dhaoine a mbíonn an Spiorad acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú chúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu.